Bain Triail Aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Seachtain na GaeilgeComments Off on Bain Triail Aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana, le go leor imeachtaí á n-eagrú in áiteanna éagsúla ar fud an chontae agus na cathrach. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhair le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile, mar a leanas.

SEIRBHÍS LEABHARLAINNE PHORT LÁIRGE
Beidh go leor imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar siúl sna leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn:

Bingó as Gaeilge do Pháistí – in Ard Chaoin, Bóthar de Brún, Carraig Phiarais, Trá Mhór agus Dún Garbhán. Glacfaidh na céadta páistí ó scoileanna éagsúla páirt sna seisiúin seo agus is féidir na sonraí a fháil ó do Leabharlann áitiúil.

Scéalaíochta & Amhráin do Pháistí – le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge. Beidh seisiúin do ghrúpaí réamhscolaíochta faoi leith ar siúl sna leabharlanna i gCarraig Phiarais agus sa Lios Mór agus ar an mBaile Dubh. Chomh maith leis sin, reachtáilfidh Jacqui seisiúin oscailte do pháistí an-óg (0-3 bhliain) sna háiteanna seo a leanas:
• Leabharlann Dhún Garbhán – Dé Máirt, 5 Márta @ 10.30r.n.
• Lárleabharlann, Cathair Phort Láirge – Dé Máirt, 12 Márta @ 11r.n.
• Leabharlann na Trá Móire – Dé Céadaoin, 13 Márta @ 11.00r.n.
• Leabharlann Ard Chaoin – Dé hAoine, 15 Márta @ 11r.n
Beidh na seisiúin saor in aisce seo oscailte don bpobal, agus beidh fáilte roimh thuismitheoirí/fheighlithe leanaí agus páistí óga a bheith linn.

Tóraíocht Taisce do Pháistí – beidh seisiúin á reachtáil i Leabharlann Bhóthar de Brún sa Chathair ar an 12ú agus 19ú Márta.

Tráth na gCeist & Scéalaíocht – beidh an Dr. Séamus Ó Diollúin ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i mbun scéalaíochta agus ceisteanna le páistí sna Leabharlanna i mBóthar de Brún agus Carraig Phiarais i rith Seachtain na Gaeilge agus is féidir na sonraí a fháil os na leabharlanna iad féin.

Gabhaimid buíochas le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge agus leis an Dr. Séamus Ó Diollúinn ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ag ucht a gcomhoibriú agus tacaíochta chun na himeachtaí seo a eagrú sna leabharlanna éagsúla.

Má tá a thuilleadh eolais uait mar gheall ar aon cheann des na himeachtaí sna Leabharlanna, déan teagmháil le Treasa Mac an Aonaigh i Leabharlann Ard Chaoin ar 0761 10 2844.


IMEACHTAÍ DO DHAOINE FÁSTA
Tráth na gCeist Dátheangach & Seisiún
Tá Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag eagrú Tráth na gCeist Dátheangach sa Cove Bar ar bhóthar Dhún Mhóir i bPort Láirge ar an Déardaoin, 14 Márta @ 8.00i.n. Tráth na gceist spraoiúil a bheidh ann chun iachall a chur ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Bronnfar an t-airgead ar fad a bhaileofar mar dhuaiseanna agus beidh spotduaiseanna ar fáil chomh maith ar an oíche agus beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh. Mar sin, bígí linn sa Cove Bar i gcomhair roinnt chraic agus chomhrá!

Lón Gaeilge
Eagrófar Lón Gaeilge ar an Mháirt, 12 Márta i mbialann Espresso ar Bhóthar Pharnell i gCathair Phort Láirge óna 1-2.00i.n. Beidh fáilte roimh éinne gur mian leo teacht agus lón a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomhrá agus i gcomhluadar Gaoluinne. Is féidir a thuilleadh eolais faoin Lón Gaeilge a fháil ó Shéamus ar (087) 241 3826.

Ciorcail Chomhrá
Tá roinnt Chiorcail Chomhrá ag feidhmiú sna Déise agus cé go mbíonn fáilte roimh dhaoine i gcónaí, beidh fáilte faoi leith roimh dhaoine nua le linn Seachtain na Gaeilge.

Leanfar ar aghaidh le Ciorcal Comhrá na Trá Móire le linn mhí an Mhárta, le ‘Comhrá as Gaeilge’ sa Leabharlann gach oíche Dhéardaoin (7, 14, 21 & 28 Márta) óna 7-8i.n. Mar sin, más mian leat do chúpla focal a úsáid, téir go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin agus bain taitneamh as.

Leanfaidh Ciorcail Chomhrá na Cathrach ar aghaidh chomh maith – gach tráthnóna Dé Máirt ag 6.30i.n. i Jordans (ar an gCé); gach Céadaoin sa Cove Bar ar a 11.00 ar maidin; agus gach oíche Déardaoin i dTigh Tábhairne an Gingerman óna 9.30i.n. Tuilleadh eolais ó Aidan Barrett ar 087 2648363.

Buaileann grúpa sóisialta ‘Gaeilge Anseo’ le chéile gach Máirt in Óstán na Páirce, Dún Garbhán óna 7-8.30i.n. Gach eolas ó Chabríní de Barra ar 083 4455914. Chomh maith leis sin, bíonn dhá Chiorcal Comhrá ar siúl i Leabharlann Dhún Garbhán – ceann ar an gCéadaoin ar a 8.00i.n. faoi scáth “My Open Library” agus ceann eile óna 11.00r.n. gach Sathairn. Fáilte roimh éinne buaileadh isteach chucu ag aon am.

Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge 0761 10 2884.


Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise
with Waterford City & County Council

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with a wide range of events and activities taking place throughout city and county. The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with a number of different groups to provide events and activities as follows.

WATERFORD LIBRARY SERVICES
Libraries throughout city and county will host a wide range of bilingual/Irish events and activities in the coming fortnight:

‘Bingó as Gaeilge’ for Children in Ardkeen, Brown’s Road, Carrickphierish, Tramore and Dungarvan Libraries. Hundreds of children from various schools will take part in these sessions – details available from your local branch library.

Storytelling & Songs for Children with Jacqui de Siún from the Waterford Childcare Committee. Sessions for local pre-school services will take place in Carrickphierish and Lismore libraries, as well as in Ballyduff Upper. In addition, Jacqui will host open sessions for very young children (0-3 years) in the following venues:
• Dungarvan Library – Tuesday, 5 March @ 10.30am
• Central Library, Waterford City – Tuesday, 12 March @ 11.00am
• Tramore Library – Wednesday, 13 March @ 11.00am
• Ardkeen Library – Friday, 15 March @ 11.00am
These free sessions are open to the public and parents/childminders are welcome to attend with their young children.

Children’s Treasure Hunt sessions will take place in Brown’s Road Library in the City on the 12th and 19th March.

Table Quiz & Storytelling – Dr. Séamus Ó Diollúin from WIT will host storytelling and quiz sessions with children in Brown’s Road and Carrickphierish Libraries during Seachtain na Gaeilge. Details are available from the Libraries themselves.

We would like to say “Go raibh míle maith agaibh” to Jacqui de Siún from Waterford Childcare Committee and to Dr. Séamus Ó Diollúin from WIT for their co-operation and assistance in organising these events in the various libraries.

If you would like further information on any of these Library events, please contact Tracy McEneaney in Ardkeen Library on 0761 10 2844.


EVENTS FOR ADULTS
Bilingual Table Quiz & Music Session
The Irish Office of Waterford City & County Council is organising a Bilingual Table Quiz in the Cove Bar on the Dunmore Road, Waterford City on Thursday, 13th March @ 8.00pm. This will be a fun table quiz, giving people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere. Cost €5 per person and all proceeds to prize money and there will also be spotprizes on the night. There will be a session of music and song after the quiz. Therefore, join us in the Cove Bar for some craic agus comhrá!

Lón Gaeilge/Irish Lunch
A Lón Gaeilge (Irish Lunch) will take place on Tuesday, 12th March in the Espresso restaurant on Parnell Street in the City from 1.00-2.00pm. All are welcome to come along and have lunch and to take part in pleasant, relaxing conversation ‘as Gaeilge’. Further information on the Lón Gaeilge is available from Séamus on (087) 241 3826.

Ciorcail Chomhrá/Conversation Circles
There are a number of Irish language conversation groups operating in the Déise, and new members are especially welcome to join during Seachtain na Gaeilge – please come along and try it out to see if you like it – no obligation!

The Tramore Ciorcal Comhrá will continue during March with ‘Comhrá as Gaeilge’ in the Library every Thursday night (7, 14, 21 & 28 March) from 7-8pm. Therefore, if you would like to try out your ‘cúpla focal’, come along to Tramore Library any Thursday night for a chat.

The Waterford City Ciorcal Comhrá also continues during Seachtain na Gaeilge – every Tuesday evening at 6.30pm in Jordans on the Quay; every Wednesday in the Cove Bar at 11.00am in the morning; and every Thursday night in the Gingerman pub from 9.30pm. Further information from Aidan Barrett on 087 2648363.

Dungarvan: The social group ‘Gaeilge Anseo’ meets every Tuesday in the Park Hotel, Dungarvan from 7-8.30pm. Further information from Cabríní de Barra on 083 4455914. In addition, two conversation groups meet regularly in Dungarvan Library – one on Wednesdays at 8.00pm as part of “My Open Library” and the other on Saturdays at 11.00am. These are open to anyone to drop in.

Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

Further information: Máire Seosaimhín Breathnach, Irish Officer, Waterford City & County Council: 0761 10 2884.

Comments are closed.

  • News Archive

  • Upcoming Events

  • Waterford Libraries on Facebook

  • Waterford Libraries on Twitter

© 2018 Waterford City & County Council Library Service.