Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Seachtain na GaeilgeComments Off on Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana le go leor imeachtaí á n-eagrú, idir cinn ar líne agus i bpearsain. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhar le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh.

Filíocht le Róisín – beidh an cúigiú caint i sraith cainteanna arlíne atá á n-eagrú ag Daonscoil na Mumhan don gheimhreadh ar siúl tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 1 Márta óna 7-8.00i.n. Is í an file, drámadóir agus craoltóir Róisín Sheehy a bheidh mar aoichainteoir agus is féidir clárú ar líne don chaint seo agus na cainteanna eile sa tsraith tríd an suíomh idirlíon www.daonscoilnamumhan.com

Seal le Seanchaí – más spéis leat scéalaíocht agus éisteacht le seanchaithe, beidh fáilte romhat a bheith linn don ócáid Seal le Seanchaí, a bheidh ar siúl ar an Déardaoin, 3 Márta ar a 7.00i.n. trí fhíschomhdháil Zoom. Tá an ócáid seo á n-eagrú ag Dún Garbhán le Gaeilge, i gcomhar le hOifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus le tacaíocht ó Chiste Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Seanchaí áitiúil, Séamus Ó Lonáin mar fhear an tí agus beidh neart seanchais, scéalta, finscéalta agus amhráin roinnte ar an oíche. Is gá clárú roimh ré le Cabríní ag cabrini@glornangael.ie.

Ciorcal na gCiorcal – Beidh seans ag Ciorcail Chomhrá na nDéise teacht le chéile le grúpaí eile don ócáid “Ciorcal na gCiorcal”, atá á n-eagrú ag Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge agus Gael-taca, Corcaigh ar an Máirt, 8 Márta. Más suim leat a bheith páirteach, is gá clárú roimh ré ag cabrini01@gmail.com nó trí ghlaoch ar 087 653 2944.

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach ar líne i mbliana ar an Déardaoin, 10 Márta ar a 7.30i.n. agus é oscailte don phobal i gcoitinne. Is gá clárú roimh ré leis an Oifigeach Gaeilge, Máire Seó Breathnach ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie

Ceol Cois Tine – craolfar coirmcheoil ‘Ceol Cois Tine’ ar www.waterfordinyourpocket.com ar an gCéadaoin, 16 Márta ar a 7.30i.n. Tá an choirmcheoil seo á n-eagrú ag Comhairle na Seanóirí, Port Láirge, le tacaíocht ó Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus ó Chiste Sheachtain na Gaeilge. Beidh réimse iontach oirfidigh os na Déise ag glacadh páirte, idir amhránaithe, ceoltóirí agus filí. Táimid ag súil go mór leis.

Seisiún Ceoil le Dungarvan Trad  – beidh seisiún ceoil traidisiúnta ar siúl in Óstán Lálor, Dún Garbhán ar a 2i.n. ar Lá Fhéile Pádraig agus beidh fáilte roimh chách. Tá an ócáid seo á reachtáil le tacaíocht ó Chiste Sheachtain na Gaeilge.

Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.

Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Chomh maith leis sin, foilseofar míreanna beaga Gaeilge ar leathanaigh mheáin shóisialta na Leabharlanna – Facebook, Twitter and Instragram – le linn Seachtain na Gaeilge Is féidir an t-eolas ar fad a fháil ar www.waterfordlibraries.ie agus ar leathanach Facebook @WaterfordLibraries.

Tóraíocht Taisce Focal Gaeilge – aimsigh agus aistrigh deich bhfocal/frása Gaeilge i Leabharlann Ard Chaoin le linn Seachtain na Gaeilge. Pioc suas do bhileog oibre, líon isteach na bhfocal agus beidh seans agat duais bheag a bhuachaint.

Rannta le Chéile do Pháistí – beidh Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael i mbun rannta agus scéalaíocht as Gaeilge go pháistí óga i Leabharlann Dhún Garbhán ar an Máirt, 8 Márta ar a 10.30r.n. agus 11.10r.n. Tá líon teoranta spásanna i gceist dos na seisiúin seo agus déanfar tús freastail ar na daoine is túisce a thagann.

Bígí ag faire amach chomh maith do Logainm an Lae, a bhuíochas do Choiste Logainmneacha Phort Láirge ar leathanach Facebook Oifigeach Gaeilge Phort Láirge gach lá le linn Seachtain na Gaeilge. Tabharfar blaiseadh d’oidhreacht shaibhir logainmníochta na nDéise, mar atá sé ar fáil ar an suíomh www.deiselogainm.ie.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!


Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise with Waterford City & County Council

 

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with a number of events and activities taking place, both online and in person. The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with a number of different groups to provide a range of events and activities to celebrate the Irish language and culture of the Déise.

Filíocht (Poetry) le Róisín – the fifth in a series of online talks being organised by Daonscoil na Mumhan this winter will take place on Tuesday evening, 1st March from 7-8pm, with guest speaker Róisín Sheehy, who is a poet, dramatist and broadcaster. If you have not already done so, you can register for Róisín’s talk and the remaining talks in the series through the website www.daonscoilnamumhan.com.

Seal le Seanchaí – If you like storytelling and listening to a good yarn you will be most welcome to join us for Seal le Seanchaí, which takes place online on Thursday, 3rd March at 7pm on Zoom. This event is being organised by Dún Garbhán le Gaeilge, in conjunction with the Irish Office of Waterford City & County Council, and with support from the national Seachtain na Gaeilge fund. Local seanachaí, Séamus Ó Lonáin will be master of ceremonies and there will be lots of folklore, stories, fables and songs shared on the night. You must register in advance with Cabríní at cabrini@glornangael.ie.

Ciorcal na gCiorcal – Irish conversation groups in Waterford will have a chance to get together online for the ‘Ciorcal na gCiorcal’ event being organised by Dún Garbhán le Gaeilge and Gael-taca, Corcaigh on Tuesday, 8th March. If you would like to take part to practice your ‘cúpla focal’, you can register in advance at cabrini01@gmail.com or 087 653 2944.

Bilingual Table Quiz – this year’s Bilingual Table Quiz organised by the Irish Office of Waterford City & County Council will take place online on Thursday, 10th March at 7.30pm and is open to the public. This will be a fun table quiz, giving people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere. You can register in advance by contacting the Irish Officer on msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Ceol Cois Tine – a fireside concert ‘Ceol Cois Tine’, will be broadcast on www.waterfordinyourpocket.com on Wednesday, 16th March at 7.30pm. This event is being organised by Waterford’s Older People’s Council, with the support of Waterford City & County Council’s Irish Office and the national Seachtain na Gaeilge Fund. The concert will feature a range of local talented singers, musicians and poets and will be one of the highlights of Seachtain na Gaeilge in Na Déise.

Dungarvan Trad Session – Dungarvan Trad school of music will hold a traditional Irish music session in Lawlor’s Hotel, Dungarvan at 2pm on St. Patrick’s Day and all are welcome. This event is also supported by the national Seachtain na Gaeilge Fund.

Waterford Library Services
Staff from the Libraries throughout city and county have organised a programme of bilingual/Irish events and activities, which will take place in the coming fortnight and all of which are free of charge.

Waterford Library Service has an extensive stock of Irish language books, which will be on display in various Libraries around the city and county during Seachtain na Gaeilge, with people encouraged to borrow and read the fabulous range of Irish language books that are available for both adults and children. Also, the Libraries’ social media pages – Facebook, Twitter and Instragram – will feature the Irish language during Seachtain na Gaeilge. Details of all events and activities will be shared on the Library Service website, www.waterfordlibraries.ie.

Irish Word Search – look for and translate ten Irish words/phrases in Ardkeen Library during Seachtain na Gaeilge. Pick up a worksheet, fill in the words and be in with a chance to win a small prize.

Rannta le Chéile for Children – join Cabríní de Barra from Glór na nGael in Dungarvan Library for fun rhymes and stories ‘as Gaeilge’ for families with young children. These sessions will take place at 10.30am and 11.10am on Tuesday, 8th March and spaces are limited and will be filled on a first come first served basis.

 

Be on the lookout for Logainm an Lae with Waterford’s Placenames Committee @Oifigeach Gaeilge Phort Láirge on Facebook during Seachtain na Gaeilge. There will be daily posts on the rich placenames heritage of the Déise, as presented on the website www.deiselogainm.ie.

We would like to thank all the individuals and groups for their co-operation and support in organising the programme of events and activities for this year’s Seachtain na Gaeilge Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

 

Comments are closed.

  • News Archive

  • Upcoming Events

  • Waterford Libraries on Facebook

  • Waterford Libraries on Twitter

© 2018 Waterford City & County Council Library Service.