Seachtain na Gaeilge sna Déise

Seachtain na GaeilgeComments Off on Seachtain na Gaeilge sna Déise

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana, le go leor imeachtaí á n-eagrú in áiteanna éagsúla ar fud an chontae agus na cathrach. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhair le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile, mar a leanas.

SEIRBHÍS LEABHARLAINNE PHORT LÁIRGE
Beidh go leor imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar siúl sna leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn:

Bingó as Gaeilge do Pháistí – in Ard Chaoin, Port Lách, Bóthar de Brún agus sa Trá Mhór agus i Leabharlann Dhún Mór Thoir ar an Déardaoin, 12ú Marta ag a 4-5 i.n.. Glacfaidh na céadta páistí ó scoileanna éagsúla páirt sna seisiúin seo agus is féidir na sonraí a fháil ó do Leabharlann áitiúil.

Scéalaíocht & Amhráin do Pháistí – le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge. Beidh seisiúin do ghrúpaí réamhscolaíochta faoi leith ar siúl sna leabharlanna in Ard Chaoin agus sa Lios Mór. Chomh maith leis sin, reachtáilfidh Jacqui seisiúin oscailte Scéalaíochta & Amhráin do pháistí an-óg (0-3 bhliain) sa Lárleabharlann agus sna háiteanna seo a leanas:

• Leabharlann Dhún Garbhán – Dé Máirt, 3 Márta @ 10.30r.n.
• Leabharlann Ard Chaoin – Dé hAoine, 6 Márta @ 11r.n
• Leabharlann na Trá Móire – Dé Céadaoin, 11 Márta @ 11.00r.n.

Beidh na seisiúin saor in aisce seo oscailte don bpobal, agus beidh fáilte roimh thuismitheoirí/fheighlithe leanaí agus páistí óga a bheith linn.

Scéalaíocht do Pháistí – beidh seisiúin scéalaíochta á reachtáil i Leabharlann Bhóthar de Brún sa Chathair.

Scéalaíocht & Ceardaíocht – tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Muireann Ní Chíobháin i mbun scéalaíochta agus ceardaíochta le páistí sna Leabharlanna sa Trá Mhór agus i nDún Garbhán. Is taibheoir, scríbhneoir agus cruthaitheoir í Muireann agus aithne ag go leor daoine uirthi ó chláir do pháistí ar TG4 agus RTÉ Junior. Beidh Muireann i Leabharlann Dhún Garbhán ar an gCéadaoin, 11 Márta le páistí ó Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach agus i Leabharlann na Trá Móire ar an Aoine, 13 Márta le páistí ó scoil Ghlór na Mara.

Gabhaimid buíochas le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge as ucht a gcomhoibriú agus tacaíochta chun na himeachtaí seo a eagrú sna leabharlanna éagsúla. Má tá a thuilleadh eolais uait mar gheall ar aon cheann des na himeachtaí sna Leabharlanna, déan teagmháil le Treasa Mac an Aonaigh i Leabharlann Ard Chaoin ar 0761 10 2844.

 

IMEACHTAÍ DO DHAOINE FÁSTA

Tráth na gCeist Dátheangach & Seisiún
Tá Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag eagrú Tráth na gCeist Dátheangach sa Cove Bar ar bhóthar Dhún Mhóir i bPort Láirge ar an Déardaoin, 12 Márta @ 8.30i.n. Tráth na gceist spraoiúil a bheidh ann chun iachall a chur ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Bronnfar an t-airgead ar fad a bhaileofar mar dhuaiseanna agus beidh spotduaiseanna ar fáil chomh maith ar an oíche agus beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh. Mar sin, bígí linn sa Cove Bar i gcomhair roinnt chraic agus chomhrá!

Lón Gaeilge
Eagrófar Lón Gaeilge ar an Déardaoin, 5 Márta i mbialann Espresso ar Bhóthar Pharnell i gCathair Phort Láirge óna 1-2.00i.n. Beidh fáilte roimh éinne gur mian leo teacht agus lón a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomhrá agus i gcomhluadar Gaoluinne. Is féidir a thuilleadh eolais faoin Lón Gaeilge a fháil ó Shéamus ar (087) 241 3826.

Ciorcail Chomhrá
Tá roinnt Chiorcail Chomhrá ag feidhmiú sna Déise agus cé go mbíonn fáilte roimh dhaoine i gcónaí, beidh fáilte faoi leith roimh dhaoine nua le linn Seachtain na Gaeilge.

Leanfar ar aghaidh le Ciorcal Comhrá na Trá Móire le linn mhí an Mhárta, le ‘Comhrá as Gaeilge’ sa Leabharlann gach oíche Dhéardaoin (5, 12, 19 & 26 Márta) óna 7-8i.n. Beidh oíche speisialta ar siúl ar an Déardaoin, 12 Márta nuair a thiocfaidh cúpla Ciorcail Chomhrá le chéile sa Trá Mhór i gcomhair oíche shóisialta. Beidh grúpaí ó Dhún Garbhán agus Dúrlas ag teacht ar chuairt chun comhrá as Gaeilge lena gcomhpháirtithe sa Trá Mhór agus cupán tae agus cístí milise a roinnt! Mar sin, más mian leat do chúpla focal a úsáid, téir go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin agus bain taitneamh as.

Leanfaidh Ciorcail Chomhrá na Cathrach ar aghaidh chomh maith – gach Céadaoin sa Cove Bar ar a 11.00 ar maidin; agus gach oíche Déardaoin i dTigh Tábhairne an Gingerman óna 9.00i.n. Tuilleadh eolais ó Aidan Barrett ar 087 2648363.

Buaileann grúpa sóisialta ‘Gaeilge Anseo’ le chéile gach Máirt in Óstán na Páirce, Dún Garbhán óna 7-8.30i.n. Gach eolas ó Chabríní de Barra ar 083 4455914. Chomh maith leis sin, bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i Leabharlann Dhún Garbhán ar an Déardaoin ar a 6.30i.n. Fáilte roimh éinne buaileadh isteach chucu ag aon am.

Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge 0761 10 2884 / (087) 7434123

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise with Waterford City & County Council

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with a wide range of events and activities taking place throughout city and county. The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with a number of different groups to provide events and activities as follows.

WATERFORD LIBRARY SERVICES
Libraries throughout city and county will host a wide range of bilingual/Irish events and activities in the coming fortnight:

‘Bingó as Gaeilge’ for Children in Ardkeen, Brown’s Road, Portlaw and Tramore Libraries, as well as Dunmore East Library on Thursday, 12th March from 4-5pm. Hundreds of children from various schools will take part in these sessions – details available from your local branch library.

Storytelling & Songs for Children with Jacqui de Siún from the Waterford Childcare Committee. Sessions for local pre-school services will take place in Ardkeen and Lismore libraries and Jacqui will also host open sessions for very young children (0-3 years) in Central Library and in the following venues:
• Dungarvan Library – Tuesday, 3 March @ 10.30am
• Ardkeen Library – Friday, 6 March @ 11.00am
• Tramore Library – Wednesday, 11 March @ 11.00am

These free sessions are open to the public and parents/childminders are welcome to attend with their young children. Children’s Storytelling sessions will also take place in Brown’s Road Library in the City during Seachtain na Gaeilge – details from the branch.

Storytelling & Crafting – We are delighted to announce that Muireann Ní Chíobháin will host storytelling and crafting sessions with children in Tramore and Dungarvan Libraries during Seachtain na Gaeilge. Screenwriter, creator and performer, Muireann is passionate about creating and writing live-action television and animation for young audiences and is well-known for her work on children’s programmes on TG4 and RTÉ Junior. She will be in Dungarvan Library on Wednesday, 11th March with children from Scoil Mhuire, Abbeyside and in Tramore Library on Friday, 13th March with children from Glór na Mara.

We would like to say “Go raibh míle maith agaibh” to Jacqui de Siún from Waterford Childcare Committee for her co-operation and assistance in organising these events in the various libraries. If you would like further information on any of these Library events, please contact Tracy McEneaney in Ardkeen Library on 0761 10 2844.

EVENTS FOR ADULTS
Bilingual Table Quiz & Music Session
The Irish Office of Waterford City & County Council is organising a Bilingual Table Quiz in the Cove Bar on the Dunmore Road, Waterford City on Thursday, 12th March @ 8.30pm. This will be a fun table quiz, giving people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere. Cost €5 per person and all proceeds to prize money and there will also be spotprizes on the night. There will be a session of music and song after the quiz. Therefore, join us in the Cove Bar for some craic agus comhrá!

Lón Gaeilge/Irish Lunch
A Lón Gaeilge (Irish Lunch) will take place on Thursday, 5th March in the Espresso restaurant on Parnell Street in the City from 1.00-2.00pm. All are welcome to come along and have lunch and to take part in pleasant, relaxing conversation ‘as Gaeilge’. Further information on the Lón Gaeilge is available from Séamus on (087) 241 3826.

Ciorcail Chomhrá/Conversation Circles
There are a number of Irish language conversation groups operating in the Déise, and new members are especially welcome to join during Seachtain na Gaeilge – please come along and try it out to see if you like it – no obligation!
The Tramore Ciorcal Comhrá will continue during March with ‘Comhrá as Gaeilge’ in the Library every Thursday night (5, 12, 19 & 26 March) from 7-8pm. There will be a special get-together on Tuesday, 12th March when conversation groups from Dungarvan and Thurles, Co Tipperary will join their counterparts in Tramore for a ‘cupán tae agus císte milis’ and some chat ‘as Gaeilge’! Therefore, if you would like to try out your ‘cúpla focal’, come along to Tramore Library any Thursday night for a chat.

The Waterford City Ciorcal Comhrá also continues during Seachtain na Gaeilge – every Wednesday in the Cove Bar at 11.00am in the morning; and every Thursday night in the Gingerman pub from 9.00pm. Further information from Aidan Barrett on 087 2648363.
Dungarvan: The social group ‘Gaeilge Anseo’ meets every Tuesday in the Park Hotel, Dungarvan from 7-8.30pm. Further information from Cabríní de Barra on 083 4455914. In addition, there is another conversation group that meets regularly in Dungarvan Library on Thursdays at 6.30pm. These are open to anyone to drop in.

Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

Further information: Máire Seosaimhín Breathnach, Irish Officer:  0761 10 2884 / (087) 7434123

Comments are closed.

© 2018 Waterford City & County Council Library Service.