Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2025

Seachtain na GaeilgeComments Off on Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2025

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana agus beidh go leor imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach agus an Chontae. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag comhoibriú le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na nDéise agus seo blaiseadh de chuid de na rudaí a bheidh ar fáil.

Ceiliúradh Cultúir – beidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn 15 Márta óna 2-4pm, áit a bheidh deis ag cainteoirí Gaeilge (agus iad siúd le cúpla focal) agus baill de phobail níos nuaí na cathrach teacht le chéile chun blaiseadh dá gcultúir faoi seach a roinnt. Beidh baill de Chraobh na Cathrach de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag seinnt ceoil agus beidh deis blaiseadh a fháil ar ghnéithe de chultúr na hÉireann, lena n-áirítear ceol, amhránaíocht agus rince ar an sean-nós, agus iad ag foghlaim “cúpla focal Gaeilge.” Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt i gcomhluadar il-chultúrtha, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig ar an Satharn, 15 Márta aon am idir a dó agus a ceathar a chlog sa tráthnóna. Tá an ócáid seo á n-eagrú mar chuid de chlár imeachtaí na Féile Pádraig i gCathair Phort Láirge.

Beidh Turais Treoraithe Dhátheangacha thart ar Mhúsaem an Tórraimh i gCearnóg na hArdeaglaise sa Chathair ar an gCéadaoin 5 Márta, a bhuíochas le Donnchadh Ó Ceallacháin. Tosnóidh na turais ar a 11am agus 1.15pm agus tá fáilte roimh dhaoine teacht chun éisteacht le scéalta spéisiúla faoin mbeatha agus faoin mbás i bPort Láirge, faoi na traidisiúin agus na piseoga ó ré na luath-Chríostaíochta go dtí an 20ú aois. Fáilte roimh chách.

Lá na gCiorcal – Ciorcail na nDéise
Tá borradh agus fás tagtha ar líon na gCiorcal Comhrá i bPort Láirge le blianta beaga anuas agus beidh seans ag na grúpaí éagsúla teacht le chéile i gcomhair chupán tae agus caifé i gcomhluadar a chéile ar an gCéadaoin, 12 Márta sa Coach House Coffee i gCoill Mhic Thomáisín. Beidh Ciorcail Chomhrá ó Dhún Garbhán, ón tSráidbhaile, ó Thrá Mhór agus ó Chathair Phort Láirge ag teacht le chéile chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Má tá suim agatsa páirt a ghlacadh i gCiorcal Comhrá agus níl tú cinnte conas tabhairt faoi, déan teagmháil le do Leabharlann áitiúil nó leis an Oifigeach Gaeilge ag gaeilge@waterfordcouncil.ie do shonraí Chiorcal Comhrá in aice leatsa!

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Déardaoin, 13 Márta ar a 8.00pm agus é ar oscailt don phobal i gcoitinne. Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcuid ‘cúpla focal’ a úsáid in atmaisféar cairdiúil suaimhneach agus beidh go leor spotdhuaiseanna, ceol agus craic ar an oíche. Is féidir clárú roimh ré ach teagmháil a dhéanamh le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Beidh Dún Garbhán le Gaeilge ag eagrú roinnt imeachtaí ar fud Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán le linn Sheachtain na Gaeilge, lena n-áirítear taispeáintí speisialta de scannáin Ghaeilge in Movies@Dungarvan do scoileanna áitiúla, Pop-Up Gaeltacht i dtigh tábhairne Alice O’Connor’s i nDún na Mainistreach agus Céilí Lá ‘le Pádraig atá oscailte do theaghlaigh in Óstán Lálor, le seisiún ceoil roimh ré do pháistí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo, déan teagmháil le Bróna ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó 0874785054.

SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE PHORT LÁIRGE
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce. Beidh na Ciorcail Chomhrá agus seisiúin Rannta le Chéile ag leanúint ar aghaidh i Leabharlanna Thrá Mhór agus Dhún Garbhán agus beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú do scoileanna áitiúla i Leabharlanna Ard Chaoin agus Phort Lách agus is gá clárú roimh ré le do leabharlann áitiúil chun páirt a ghlacadh.
Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú a fháil ó do Leabharlann áitiúil agus roinnfear iad chomh maith ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie agus ar na meáin shóisialta.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

 

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise
with Waterford City & County Council

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with many events taking place throughout City and County. The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with several different groups to provide a range of events and activities to celebrate the Irish language and culture of the Déise and here is a flavour of some of what will be on offer.

Ceiliúradh Cultúir — an intercultural event will take place in St Patrick’s Gateway Centre in Waterford City on Saturday, 15th March from 2-4pm, when Irish speakers (and those with ‘cúpla focal’) and members of some of Waterford’s newer communities will have the opportunity to come together to share a taste of their respective cultures. Members of the Waterford City branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann will provide some traditional music, and there will be opportunities to learn some Irish songs and sean-nós dancing steps, all while using and learning “cúpla focal Gaeilge.” Refreshments will be provided, and all are welcome to attend this special event. So, if you would like to use your cúpla focal in a multi-cultural setting, call in to St Patrick’s Gateway Centre on Patrick Street on Saturday the 15th March any time between 2pm and 4pm. This event is being organised as part of Waterford’s St Patrick’s Day Festival.

Come along and join Donnchadh Ó Ceallacháin for a Bilingual Guided Tour of The Wake Museum, Cathedral Square on Wednesday 5th March. Tours will begin at 11 am and 1.15pm and all are welcome to come along to hear fascinating stories of life and death in Waterford, detailing traditions and superstitions, from early Christian times right up to the 20th century. Fáilte roimh chách.

Lá na gCiorcal – Ciorcail na nDéise
Waterford’s growing number of Ciorcail Chomhrá (Irish conversation groups) will have an opportunity to come together for a ‘cupán tae agus caifé’ and a chat on Wednesday, 12th March in the Coach House Coffee in Kilmacthomas. Members of Ciorcail Chomhrá from Dungarvan, Stradbally, Tramore and Waterford City will all get together to celebrate Seachtain na Gaeilge. If you are interested in joining a Ciorcal Comhrá and not sure how to do so, you can contact your local Library or the Irish Officer at gaeilge@waterfordcouncil.ie for details of a Ciorcal Comhrá near you!

Bilingual Table Quiz – this year’s Bilingual Table Quiz organised by the Irish Office of Waterford City & County Council will take place in the Cove Bar on the Dunmore Road, Waterford City on Thursday, 13th March at 8.00pm and is open to the public. It’s a fun night which gives people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere and there will be plenty of spot prizes, music, and craic on the night. You can register in advance by contacting jlenane@waterfordcouncil.ie.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Dún Garbhán le Gaeilge is organising a number of events and activities around the Gaeltacht Service Town of Dungarvan during Seachtain na Gaeilge, including special screenings of Irish language films in Movies@Dungarvan for local schools, a Pop-Up Gaeltacht in Alice O’Connor’s Lounge Bar, Abbeyside and a St. Patrick’s Day Céilí open to all families in Lawlor’s Hotel, with a trad session beforehand for children. For more information on these events contact Bróna at dungarbhanlegaeilge@gmail.com or 0874785054.

WATERFORD LIBRARY SERVICES
Staff from the Libraries throughout city and county have organised a programme of bilingual/Irish events and activities, which will take place in the coming fortnight and all of which are free of charge. Dungarvan and Tramore Libraries will be hosting their regular Ciorcal Comhrá and Rannta le Chéile (Irish language rhymes for young children) and Portlaw and Ardkeen Libraries will run the ever-popular ‘Bingó as Gaeilge’ for local schools again this year and booking is essential at your local library.
Waterford Library Service has an extensive stock of Irish language books, which will be on display in various Libraries around the city and county during Seachtain na Gaeilge, with people encouraged to borrow and read the fabulous range of Irish language books that are available for both adults and children. Details of all events and activities can be obtained from your local Library and will also be shared on the Library Service website www.waterfordlibraries.ie and on social media.

We would like to thank all the individuals and groups for their co-operation and support in organising the programme of events and activities for this year’s Seachtain na Gaeilge. Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

Comments are closed.

© 2015 Sofarider Inc. All rights reserved. WordPress theme by Dameer DJ.