Bain Triail Aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise

Seachtain na GaeilgeWaterford City & County CouncilWaterford LibrariesComments Off on Bain Triail Aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana le go leor imeachtaí á n-eagrú ar líne, de bharr na paindéime. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhar le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile agus beidh fáilte roimh dhaoine ó aon áit ar domhan ceangail isteach chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh le muintir na nDéise.

SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE PHORT LÁIRGE

Beidh go leor imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.

Beidh Crosfhocal Gaeilge do Pháistí á roinnt ar shuíomh idirlíon na leabharlainne www.waterfordlibraries.ie agus ar mheáin shóisialta na Leabharlanna le linn Sheachtain na Gaeilge ar fad (1-17 Márta).

Scéalaíocht & Filíocht do Pháistí – tá clár leathan scéalaíochta as Gaeilge á cur ar fáil i mbliana trí leathanach Facebook na Leabharlanna (@WaterfordLibraries). Foilseofar roinnt físeáin le foireann na leabharlainne féin ag léamh leabhair ón réimse leathan leabhair iontacha Gaeilge atá ar fáil do pháistí. Chomh maith leis sin, beidh Jacqui de Paor ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge i mbun scéalaíochta agus amhránaíochta do pháistí réamhscolaíochta (0-3 bhliain).

Scéalaíocht do Dhaoine Fásta – Tá áthas ar an tSeirbhís Leabharlainne a fhógairt go mbeidh an seanchaí Niall de Búrca linn arís i mbliana do sheisiún scéalaíochta ar líne ar an Luan, 15 Márta ar a 11.00r.n. ar leathanach Facebook Leabharlanna Phort Láirge. Tá scéalta draíochtúla Niall oiriúnach go gach aois agus beidh fáilte roimh gach duine ceangail isteach chun éisteacht leis. Chomh maith leis sin, beidh Léamh Filíochta leis an bhfile agus ealaíontóir Róisín Sheehy á chraoladh ar an Aoine, 12 Márta ar a 3.00i.n. Tabharfaidh bean óg ildánach áitiúil, Tiger Lily Keoghan caint an-suimiúil dar teideal “Oiléan Go Oiléan: An Nasc Binn Idir Talamh An Éisc agus Éire” ar an gCéadaoin, 3 Márta ar a 11.00r.n.

Is féidir an t-eolas maidir le dátaí agus amanta na n-imeachtaí seo ar fad a fháil ar www.waterfordlibraries.ie agus ar leathanach Facebook WaterfordLibraries.

Comórtas Scéalaíochta Lá Fhéile Pádraig – chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig ana-dhifriúil i mbliana ba bhreá le Leabharlanna Phort Láirge do shamhlaíocht a ghríosadh trí chomórtas gearrscéalta a reáchtáil. Táimid ag cur glaoch ar leanaí ó 6 – 18 mbliana d’aois scéal a scríobh ag tosú leis an line “Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an méid a tharla ar Lá Fhéile Pádraig…”. Foilseofar iontrálacha na mbuaiteoirí sna nuachtáin áitiúla agus beidh siad craolta ar WLR FM. Is féidir sonraí iomlána an chomórtais a fháil ag www.waterfordlibraries.ie agus caithfear gach iontráil a sheoladh ar ríomhphost chuig library@waterfordcouncil.ie roimh 5.00 i.n. ar 9 Márta 2021.

CIORCAIL CHOMHRÁ/IMEACHTAÍ DO DHAOINE FÁSTA

Ciorcal na gCiorcal – Beidh seans ag Ciorcail Chomhrá na nDéise teacht le chéile le grúpaí eile don ócáid “Ciorcal na gCiorcal”, atá á n-eagrú ag Glór na nGael i gcomhar le Gael-taca Chorcaí ar an Máirt, 2 Márta. Más suim leat a bheith páirteach, is gá clárú le Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael ag cabrini@glornangael.ie roimh ré.

Seal le Seanchaí – Más spéis leat scéalaíocht agus éisteacht le seanchaithe, beidh fáilte romhat a bheith linn do Seal le Seanchaí, a bheidh ar siúl ar an Aoine, 12 Márta ar fhíschomhdháil Zoom. Tá an ócáid seo á n-eagrú ag Glór na nGael, i gcomhar le hOifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus beidh caint, craic agus comhluadar iontach ann ar an oíche! Is gá clárú roimh ré le Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael ag cabrini@glornangael.ie.

Tráth na gCeist Dátheangach – beidh an gnáth-Thráth na gCeist, a bhíodh ar siúl d’fhoireann na Comhairle, á cur ar fáil ar líne i mbliana ar an Luan, 15 Márta agus fáilte roimh Chiorcail Chomhrá na nDéise a bheith páirteach chomh maith. Is gá clárú roimh ré leis an Oifigeach Gaeilge, Máire Seó Breathnach ar msbreathnach@waterfordcouncil.ie

Bígí ag faire amach chomh maith do Scríbhneoir an Lae – Dámh Dhéiseach ar leathanaigh Facebook Oifigeach Gaeilge Phort Láirge agus Waterford County Archivist gach lá le linn Seachtain na Gaeilge. Tabharfar blaiseadh d’oidhreacht shaibhir scríbhneoireachta na nDéise, mar atá sé ar fáil ar an suíomh Dámh Dhéiseach, Scríbhneoirí na nDéise ar shuíomh idirlíon Chomhairle Phort Láirge.

IMEACHTAÍ DO DHÉAGÓIRÍ

Féile Ealaíon Péacóg – Beidh Mic Oscailte agus Comhrá le hAoichainteoir á n-eagrú ag Coiste Péacóg ar an Aoine, 12 Márta. Féile ealaíne is ea é seo dírithe ar dhéagóirí agus daoine óga agus tá áthas orainn go bhfuil an ócáid seo á reáchtáil acu do Sheachtain na Gaeilge. An t-eolas ar fad ar fáil ar mheáin shóisialta Péacóg.

GAELTACHT NA nDÉISE

Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga agus an tÁisitheoir Teaghlaigh & Óige de chuid Chomhlucht Forbartha na nDéise ag eagrú imeachtaí do pháistí na Gaeltachta le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Beidh Comórtas Seanfhocail, Oíche Scéalaíochta do Pháistí agus Céilliúradh Lá ‘le Pádraig #Déise ar siúl agus is féidir an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí seo a fháil ón Áisitheoir Teaghlaigh & Óige, Éimhín Ní Chonchúir ag otodeise@gmail.com agus ar mheáin shóisialta #@Gaeltacht na nDéise.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí cuimsitheach seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge 0761 10 2884 / (087) 7434123

 

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with events and activities taking place online due to the pandemic . The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with a number of different groups to provide a range of events and activities and people from all over the world are welcome to join us online to celebrate the Irish language and culture of the Déise.

WATERFORD LIBRARY SERVICES
Staff from the Libraries throughout city and county have organised a host of bilingual/Irish events and activities, which will take place online in the coming fortnight and all of which are free of charge.

A simple but fun Irish Crossword for Children will be shared on the Library Service website (www.waterfordlibraries.ie) and on its social media – Facebook, Twitter and Instragram – during Seachtain na Gaeilge from the 1st-17th March.

Storytelling for Children – the Library staff have organised a diverse programme of storytelling events this year through the Library Facebook page (@WaterfordLibraries). Throughout Seachtain na Gaeilge Library staff will post videos of themselves reading from a selection of the gorgeous Irish language books that are available for children. In addition, Jacqui de Paor from the Waterford Childcare Committee will host some fun storytelling sessions online for pre-school children.

Storytelling for all ages – The Library Service is delighted to announce that the wonderful Niall de Búrca will be with us again this year, hosting a wild and wonderful storytelling session online, suitable for all ages, on Monday, 15th March at 11am on the Libraries Facebook page. Poet and artist Róisín Sheehy will give a Poetry Reading of her own poems on Friday, the 12th March @ 3pm and talented young local, Tiger Lily Keoghan will give a very interesting talk on the connection between Waterford and Newfoundland on Wednesday, 3rd March at 11.00am.

Information on the dates and times of all of these events can be found at www.waterfordlibraries.ie and on the Facebook page WaterfordLibraries.

St. Patrick’s Day Short Story Competition – to celebrate a very different St. Patrick’s Day this year, Waterford Libraries would love to celebrate your imagination by running a short story competition. We are calling on 6 – 18 year olds to write a story, no more than 500 words, beginning with the line: “I will never forget what happened on St Patrick’s Day…”. Winning entries will be published in local newspapers and will feature on WLR FM. Full details of the competition are on www.waterfordlibraries.ie and all entries are to be emailed to library@waterfordcouncil.ie not later than 5pm on Tuesday 9th March 2021.

CIORCAIL CHOMHRÁ/IRISH CONVERSATION/EVENTS FOR ADULTS
Ciorcal na gCiorcal – Irish conversation groups in Waterford will have a chance to get together online for the ‘Ciorcal na gCiorcal’ event being organised by Glór na nGael in conjunction with Gael-taca in Cork on Tuesday, 2nd March. If you would like to take part to practice your ‘cúpla focal’, you can register in advance with Cabríní de Barra, Glór na nGael at cabrini@glornangael.ie.

Seal le Seanchaí – If you like storytelling and listening to a good yarn you will be most welcome to join us for Seal le Seanchaí, which takes place on Friday, 12 March on Zoom. This event is being organised by Glór na nGael, in co-operation with the Irish Office of Waterford City & County Council, and an evening of “caint agus craic”, chat and fun is promised! You must register in advance with Cabríní de Barra, Glór na nGael at cabrini@glornangael.ie.

Bilingual Table Quiz – the usual Bilingual Table Quiz for staff organised by the Irish Office of Waterford City & County Council will take place online this year on Monday, 15th March and Ciorcail Chomhrá groups from city and county are also welcome to take part. This will be a fun table quiz, giving people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere. You can register in advance by contacting the Irish Officer, Máire Seó Breathnach on msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Be on the lookout for Scríbhneoir an Lae – Dámh Dhéiseach on the Facebook pages of Waterford City & County Council’s Irish Officer and Archivist during Seachtain na Gaeilge. There will be daily posts on some of the most famous Irish language writers that came from Waterford, giving an interesting insight into the rich Irish language heritage of the Déise, as presented on the Dámh Dhéiseach, Scríbhneoirí na nDéise interactive map on the Council’s website.

EVENTS FOR TEENAGERS/YOUNG PEOPLE
The Péacóg Arts Festival for young people will host an Open Mic and Guest Speaker event online on Friday, 12th March to celebrate Seachtain na Gaeilge. Further information is available on the Péacóg social media pages.

GAELTACHT NA nDÉISE
The Gaeltacht development organisation, Comhlucht Forbartha na nDéise is also organising events for Seachtain na Gaeilge through its Language Planning Officer and Family & Youth Facilitator. A Seanfhocal Competition, Storytelling Night for Children and A Celebration of Lá ‘le Pádraig #Déise will take place online and further information on these events and activities is available from the Áisitheoir Teaghlaigh & Óige, Éimhín Ní Chonchúir at otodeise@gmail.com and on social media #@Gaeltacht na nDéise.

We would like to thank all the individuals and groups for their co-operation and support in organising the programme of events and activities for this year’s Seachtain na Gaeilge Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

Further information: Máire Seosaimhín Breathnach, Irish Officer: 0761 10 2884 / (087) 7434123

 

Comments are closed.

  • News Archive

  • Upcoming Events

  • Waterford Libraries on Facebook

  • Waterford Libraries on Twitter

© 2018 Waterford City & County Council Library Service.