Beidh Ciara Ní É a dhéanann filíocht ó bhéal agus atá ina taibheor den scoth, ag teacht go Leabharlann Dhún Garbhán Déardaoin an 6 Samhain, ag 7pm i gcomhrá le Bróna Coleman ó Dhún Garbhán le Gaeilge. Tá an ócáid seo mar chuid de chlár Scríbhneoirí i Leabharlanna Phort Láirge 2025 agus tá sí curtha ar fáil a bhuíochas le hurraíocht fhlaithiúil Dhún Garbhán le Gaeilge.
Is láithreoir teilifíse agus scríbhneoir í Ciara Ní É atá tar éis neart gradam a shaothrú agus tá sí le feiceáil go rialta ar theilifís náisiúnta agus i gciorcail liteartha na hÉireann le roinnt blianta anuas. Is ambasadóir í d’Áras Scríbhneoirí na hÉireann, agus tá a saothar foilsithe go forleathan in irisí lena n-áirítear Icarus, Aneas, agus Comhar agus sna cnuasaigh Bone Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green agus Washing Windows Too le déanaí. Tá dánta scríofa aici do Chathair Litríochta UNESCO, d’Ionad Ealaíon Linenhall, RTÉ, BBC Radio, agus TG4. Tá a cuid filíochta léirithe aici go forleathan aici in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Beidh an ócáid seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla araon. Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe don ócáid seo, glaoigh ar 058 21141 chun do shuíochán a chur in áirithe. Bí cinnte go bhféachann tú ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie le haghaidh imeachtaí atá ag teacht i Leabharlanna Phort Láirge.
Join us in Dungarvan Library at 7pm Thursday 6th November. Enjoy a bilingual evening of conversation and spoken word with well known poet Ciara Ní É. You do not want to miss this! Call Dungarvan Library on 058 21141 to book your seat.
Browns Road Library Parent & Toddler group will be meeting in July on: Tuesday, 14th July & Tuesday, 28th July at 10.30am. All are... Read More
The Index Gallery, Waterford Central Library is delighted to host “Trésors et Lumières du Cotentin” – Treasures and light of the Contentin Peninsula, Normandy... Read More
Do you have questions about fostering? Meet with the Child and Family Agency – Tusla Fostering team for a great opportunity to find out... Read More
The 1926 census has been an amazing new resource that allows people to discover their family stories and the stories of their communities since... Read More
© 2015 Sofarider Inc. All rights reserved. WordPress theme by Dameer DJ.
You must be logged in to post a comment.